Iniúchadh aipeanna le feiceáil¶
Féach samplaí d’aipeanna foinse oscailte agus d’amharcléirithe sonraí atá tógtha le hábhar agus sonraí Wikimedia.
Gailearaí aipeanna¶
Brabhsáil samplaí d’aipeanna a léiríonn dea-chleachtais maidir le húsáid APIanna Wikimedia, lena n-áirítear ábhar vicí a fháil, logáil isteach agus leathanaigh a chur in eagar.
Amharcléirithe Vicipéid¶
Is gailearaí d’aipeanna é “Féach freisin” a léiríonn sonraí ó Vicipéid. Féach ar an ngailearaí chun inspioráid a fháil agus foghlaim faoi shonraí agus APIanna atá ar fáil.
Amharcléirithe Wikidata¶
Is bunachar eolais inléite ag meaisín é Wikidata ina bhfuil na milliúin míreanna. Brabhsáil an liosta seo d’amharcléirithe chun inspioráid a fháil agus samplaí foinse oscailte a fheiceáil ar conas Wikidata a athúsáid.
Toolhub¶
Is catalóg uirlisí é Toolhub a fhágann go bhfuil sé níos éasca tionscadail Wikimedia a chur in eagar agus a chothabháil. Bain úsáid as Toolhub chun uirlisí nua a aimsiú, ceangal le cothabhálaithe uirlisí, agus liostaí de do chuid uirlisí is fearr leat a roinnt.