Úsáid ábhar vicí¶
Aimsigh leabharlanna foinse oscailte, tosaigh ag baint úsáide as an API, nó íoslódáil ábhar i mórchóir.
Réamhrá do thionscadail Wikimedia¶
Eagraítear ábhar Wikimedia de réir tionscadail agus teanga. Bíonn cineál difriúil ábhair shaor in aisce i ngach tionscadal, amhail ailt chiclipéide ar Vicipéid, comhaid meán ar Wikimedia Commons, agus sonraí struchtúrtha ar Wikidata.
Athbhreithnigh na téarmaí agus coinníollacha¶
Tá ceadúnas Creative Commons ag formhór ábhar Wikimedia a cheadaíonn athúsáid saor in aisce le haitheantas. Is féidir leat bun aon leathanaigh vicí a sheiceáil chun an ceadúnas is infheidhme a fháil.
Brabhsáil leabharlanna de réir teanga ríomhchlárúcháin¶
Le leabharlanna cliant API, is fusa cód a scríobh a idirghníomhaíonn le API. Tabhair cuairt ar an liosta seo chun brabhsáil trí leabharlanna coitianta don MediaWiki API de réir teanga ríomhchlárúcháin.
Úsáid an API¶
Tugann API MediaWiki rochtain chlársceidealaithe duit ar ábhar ar aon vicí Wikimedia. Is féidir leat an API a úsáid chun leathanaigh vicí a chuardach agus a thaispeáint, comhaid meán a fháil, leathanaigh a chur in eagar, agus vicí a bhainistiú.
Íoslódáil ábhar i mórchóir¶
Rochtain ar íoslódálacha saor in aisce d’ábhar agus sonraí vicí ar féidir leat a úsáid i dtaighde, i léitheoireacht as líne, in eagarthóireacht bota, agus i dtionscadail eile.
Faigh seirbhísí do ghnólachtaí¶
Cuireann Wikimedia Enterprise sraith APIanna agus seirbhísí ar fáil atá deartha le haghaidh rochtain tráchtála ardtoirte ar ábhar agus sonraí Wikimedia.